Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Coimisinéir Cúnta Réigiún an Oirdheiscirt

M Finn with front

An Coimisinéir Cúnta Michael Finn

An Coimisinéir Cúnta, Póilíniú Bóithre

Teideal:  Coimisinéir Cúnta

Ainm:     Michael A. Finn

Áit dúchais:  Ciarraí

Ceaptha:  An 22 Samhain 2016

Buaicphointí Gairme:

Chuaigh an Coimisinéir Cúnta Michael Finn leis an nGarda Síochána in Aibreán 1982 agus tá réimse fairsing de thaithí phóilíneachta oibríochtúil, riaracháin agus straitéiseach aige.

Chaith sé formhór mór a sheirbhíse bunaithe i gCorcaigh agus bhí baint aige, chomh maith, i straitéis agus pleanáil chorparáideach ar leibhéal náisiúnta.

I 1982, chuir sé tús lena dhualgas mar Gharda ar Shráid Mhic Curtáin i gCathair Chorcaí nuair a bhain sé céim Sháirsint amach i 1989.   D’fhóin sé i gCoillte Clochair, Contae Liatroma sular fhill sé ar Chathair Chorcaí.   Ba Chléireach Ceantair é i mBaile na mBocht ar feadh ceithre bliana agus d’fhóin sé mar Sháirsint i gCeannas ar Stáisiún Gardaí Bhaile na mBocht ar feadh dhá bhliain.

Tugadh ardú céime do a fhad le céim Chigire i 1996 agus d’oibrigh sé i ról straitéiseach mar Chigire Réigiúnach sa Réigiún Theas.   Bhí ról Cigire Tráchta Réigiúnaigh aige agus in 2001, leithdháileadh é mar Chigire Aonaid agus Cúirte ar Shráid  Anglesea i gcathair Chorcaí.

In 2002, tugadh ardú céime dó chuig céim Cheannfoirt agus d’fhóin sé mar Oifigeach Ceantair i mBeanntraí agus i nDroichead na Bandan sular ghlac se le post Oifigeach Ceantair ar Shráid Anglesea, Cathair Chorcaí.

In 2008, tugadh ardú céime dó a fhad le céim Ard-Cheannfoirt agus bhí sé ag oibriú i dtosach i nDroichead na Bandan, Contae Chorcaí agus bhí sé i gceannas ar Cheantar Chorcaí Thiar sular fhill sé ar Shráid Anglesea chun glacadh le freagracht as ról Oifigeach Roinne le haghaidh Roinn Chathair Chorcaí in 2009. I rith a thionachta mar Oifigeach Roinne i Roinn Chathair Chorcaí, bhí baint aige, chomh maith, i roinnt tionscnaimh náisiúnta, tabhairt isteach córas náisiúnta bainistíochta teagmhais ar PULSE.

Tugadh ardú céime dó a fhad le Coimisinéir Cúnta an 22 Samhain 2016 agus tá sé i gceannas anois ar Phóilíniú Bóithre sa Gharda Síochána.

Cáilíochtaí:

  • Dioplóma i mBainistíocht Pearsanra, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (1999)
  • An Clár ‘Leaders for Tomorrow’ 1999 – Scoil Rialtais Kennedy, Ollscoil Harvard agus Roinn Póilíní Bhostúin
  • Baitsiléir Ealaíon sa Bhainistíocht Póilíní (HETAC) – 2005
  • Máistreacht sa Riarachán Gnó, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh – 2007
  • Nuálaíocht agus Rialachas – Scoil Rialtais Kennedy, Ollscoil Harvard – 2008
  • Dioplóma Iarchéime Post Céimí dioplóma i gCeannaireacht Póilíneachta Feidhmiúcháin – Scoil Ghnó Michael Smurfit d’Iarchéimithe, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath – 2009