We use cookies on this website. By using this site, you agree that we may store and access cookies on your device.

Stair Cheanncheathrú an Gharda Síochána

Image of the Royal Irish Constabulary Mounted Unit at the Garda Depot circa 1903

Sa bhliain 1836 roghnaíodh Páirc an Fhionnuisce mar an suíomh ab oiriúnaí don Chonstáblacht nua. Bhí pleananna le haghaidh bearaice réidh ag Oifig na nOibreacha Poiblí  faoi dheireadh na bliana 1839. Ba é an meastachán tógála ná £10,000. Bhuaigh Charles Carolin ó Bhaile Átha Cliath an conradh. Maireann na príomhfhoirgnimh, ar aghaidh Páirc an Fhionnuisce amach (c.1842), gan mórán athruithe tar éis teacht orthu, go dtí an lá atá inniu ann.

Cuireadh leis an láthair i gcaitheamh na mblianta mar shampla, láthair paráide faoi ghairbhéal, scoil mharcaíochta don Chonstáblacht ar dhroim capaill, séipéal (seomra Bhanna an Gharda anois), ospidéal (Ospidéal an Iosta anois), Bialann na nOifigeach (Club na nOifigeach anois) agus beairic an mharcshlua sna 1860í.

Sealbhaíodh Iosta Pháirc an Fhionnuisce don chéad uair ag an nGarda Síochána nua go luath sa bhliain 1923. Úsáideadh an Iosta ar feadh tréimhse mar Cheanncheathrú agus ionad oiliúna le chéile. Bunnaíodh Ceanncheathrú ar leith ansin ag Ospidéal na Ríoga, Cill Mhaighneann.

D’fhill an Coimisinéir agus a fhoireann go dtí an Iosta go luath sna 1950aidí. Bí sé riachtanach, dá bharr, Ceanncheathrú nua nó ionad oiliúna ar leith a sholáthar. Bunaíodh Ionad Oiliúna dá réir sna seanbheairicí míleata sa Teampall mór i gContae Thiobraid Árann. Is é seo Coláiste an Gharda Síochána anois.