Our website uses cookies to enhance your browsing experience and to collect information about how you use this site to improve our service to you. By not accepting cookies some elements of the site, such as video, will not work. Please visit our Cookie Policy page for more information on how we use cookies.

Osclaíonn Feachtas Earcaíochta an Gharda Síochána inniu

Issue Date: 11/05/2026

Sheol an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Jim O’Callaghan TD, agus Coimisinéir an Gharda Síochána, Justin Kelly, feachtas earcaíochta nua don Gharda Síochána inniu.

Osclaíodh an comórtas inniu Dé Luain, 11 Bealtaine 2026, agus fanfaidh sé oscailte go dtí Dé Céadaoin, 3 Meitheamh 2026 ar 3pm. Tá iarratais á mbainistiú ag publicjobs thar ceann an Gharda Síochána agus is féidir iad a chur isteach trí www.publicjobs.ie.

Leagann an feachtas seo béim ar fhairsinge na gconair gairme sa Gharda Síochána – ó phóilíneacht túslíne, go dtí obair san Aonad Madraí, a fhad le baint le Crimecall, nó dul chun cinn a dhéanamh agus a bheith obair mar chuid den lucht ardbhainistíochta. Cuireann obair sa Gharda Síochána timpeallacht oibre ghníomhach, éagsúil ar fáil ina mbíonn níos mó ná dualgais deascbhunaithe i gceist agus lena dtacaítear leis an bpobal áitiúil mar chuid den obair laethúil.

Gné nua san fheachtas seo ná go spreagtar iarrthóirí a bhfuil cúlra ceoil acu chun iarratas a dhéanamh, mar go bhfuil Banna an Gharda Síochána oscailte do bhaill nua. Breithneofar iarrthóirí a léiríonn a spéis san iarratas le haghaidh trialach amach anseo do Bhanda an Gharda Síochána, tar éis dóibh oiliúint an Gharda Síochána a chríochnú go rathúil, agus don tréimhse phromhaidh bheith críochnaithe acu fosta. Is é an tuarastal tosaigh do bhall den Gharda Síochána anois ná € 39,194, agus ardaítear sin go hincriminteach. Oibríonn Gardaí príomhuainchlár seala 12 uair an chloig le liúntais bhreise agus deiseanna le haghaidh ragoibre.

Íoctar oiliúnaithe an Gharda Síochána agus Céim á déanamh acu agus clúdaítear costas an lóistín agus na mbéilí. Faigheann na hoiliúnaithe €354 in aghaidh na seachtaine le linn an chláir 36 seachtaine i gColáiste na nGardaí, áit a gcuirtear lóistín agus béilí ar fáil saor in aisce. Gnóthaíonn céimithe Baitsiléir Ealaíon Leibhéal 7 sa Phóilíneacht Fheidhmeach, atá creidiúnaithe ag Ollscoil Luimnigh. Tarraingíonn treochtaí earcaíochta le déanaí aird ar éagsúlacht atá ag dul i méid agus ar ionadaíocht aoise níos leithne; ar a dhéanaí bhí 42 ball a bhí os cionn 30 bliain d'aois, agus roinnt ball a rugadh lasmuigh d'Éirinn, san India, sa Spáinn, sa Pholainn agus sna Stáit Aontaithe san áireamh.

Dúirt Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt:

Fáiltím go mór roimh sheoladh an fheachtais earcaíochta is déanaí de chuid an Gharda Síochána. Tá an earcaíocht isteach sa Gharda Síochána ag leanúint ar aghaidh go tapa; chuaigh 201 oiliúnaí isteach i gColáiste Oiliúna an Gharda Síochána an tseachtain seo caite. Ba í sin an ceathrú huair as a chéile inar glacadh breis agus 200 oiliúnaí isteach. Cinnteoidh an comórtas seo go mbeidh líon suntasach earcach ann, rud a leanfaidh de mhéid eagraíocht an Gharda Síochána a mhéadú.

Is gairm dhian í gairm sa Gharda Síochána, ach tá sí thar a bheith tairbheach toisc go mbíonn éagsúlacht ann san obair agus toisc go gcruthaíonn an obair sin nasc idir na Gardaí agus na pobail a bhfreastalaíonn siad orthu. Táim tiomanta do thacaíocht a thabhairt do Ghardaí, trí acmhainní a sholáthar agus trí fhorálacha reachtacha a dhéanamh araon, chun a chinntiú go mbeidh ag Gardaí túslíne na scileanna agus an trealamh a theastaíonn uathu.   "Nuair a rachaidh tú isteach sa Gharda Síochána, beidh tú ag dul isteach in eagraíocht atá os cionn 100 bliain d’aois agus a bhfuil traidisiún bródúil póilíneachta pobaldírithe aici. Nuair a thiocfaidh tú chun bheith i do Gharda, tabharfar deis duit leanúint den traidisiún sin. Cinnteoidh tú go leanfaidh an Garda Síochána de bheith ag freastal ar éilimh na póilíneachta agus na slándála náisiúnta, arb éilimh a bhíonn ag athrú i gcónaí iad. Mholfainn do gach duine a bhfuil spéis acu sa deis sin machnamh a dhéanamh uirthi.

 

Ag labhairt dó inniu, dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána, Justin Kelly,

"Is post crua é bheith i do Gharda, ach tá a fhios agam ó thaithí phearsanta cé chomh luachmhar is féidir leis a bheith. Is beag post atá ann inar féidir leat difríocht dhearfach a dhéanamh do dhaoine agus do phobail gach lá.

"Is féidir leis deiseanna gairme a thairiscint i róil éagsúla agus suimiúla freisin. Mar Gharda, is féidir leat ranníocaíocht shuntasach a dhéanamh le sábháilteacht an phobail trí réimse rólanna, lena n-áirítear póilíneacht phobail, dul i ngleic le foréigean baile, agus coireacht eagraithe a chomhrac.

"Ba mhaith liom daoine ó gach cúlra a spreagadh chun dul isteach sa Gharda Síochána. Tá sé tábhachtach go ndéanaimid ionadaíocht ar na pobail a bhfreastalaímid orthu."

Is cinnte gur post fiúntach é a bheith i do Gharda."

Sonraí an Fheachtais

Leis an gcomórtas earcaíochta a chur chun cinn, rachaidh feachtas bolscaireachta€ 345,000 (CBL san áireamh) , faoin sluán "Post Gurbh Fhiú é a Dhéanamh" beo ar fud físeán ar líne, nuachtáin náisiúnta agus ar an raidió, na meáin shóisialta, agus lasmuigh ón Luan an 11 Bealtaine. Díríonn an feachtas ar an tionchar dearfach atá ag na Gardaí ar dhaoine agus ar phobail i réimse róil póilíneachta. Léirigh Core and Spark Foundry é i gcomhar leis an ngníomhaireacht físe chruthaitheach Rubberduck.

Beidh díreach os cionn trí seachtaine ag iarratasóirí ar spéis leo iarratas a dhéanamh, agus dúnfar an comórtas Dé Céadaoin an 3 Meitheamh ar 3pm.  Téigh chuig www.publicjobs.ie/en/garda-trainee  chun tuilleadh eolais a fháil agus chun d'iarratas a chur isteach. Is féidir leat acmhainní breise a fháil freisin ar shuíomh gréasáin an Gharda Síochána, www.garda.ie/recruitment/

Cén fáth ar cheart dom dul isteach sa Gharda Síochána

Ba chóir dóibh siúd ar spéis leo gairm bheatha a shaothrú leis an nGarda Síochána na sochair bhreise seo a leanas a mheas i dteannta an bhuntuarastal:

- Cuimsítear leis an gClár Bunoiliúna, a thugann gach oiliúnaí faoi, agus Céim Bhaitsiléara Ealaíon Leibhéal 7 sa Phóilíneacht Fheidhmeach, atá creidiúnaithe ag Ollscoil Luimnigh - Gheobhaidh Oiliúnaithe de chuid an Gharda Síochána liúntas €354 in aghaidh na seachtaine ar feadh ré na hoiliúna, is é sin 36 seachtaine - Cuirtear lóistín agus bia ar fáil agus iad ag cur fúthu i gColáiste an Gharda Síochána ó Dhomhnach go hAoine - Is é €39,194  an tuarastal tosaigh agus ardaíonn sé sin go hincriminteach - Sannfar Oiliúnaithe de chuid an Gharda Síochána chun oibriú ar an bpríomhuainchlár seala (12 uair), lena ngabhann liúntais bhreise. - D'fhéadfadh deis a bheith ag Gardaí ragobair a dhéanamh a íoctar ag ráta am go leith, mura mbíonn siad ag obair ar ab Domhnach/lá saoire poiblí a íoctar ag am dúbailte - Tugann Scéim Pinsin na mBall le Mearfhabhrú (Faoi Éide) deis do bhaill sochair phinsin a charnadh ag ráta níos airde gach bliain - Roghanna solúbtha oibre atá ar fáil i rith na gairme - Rochtain ar scéim na nDochtúirí Teaghlaigh is Rogha (clúdaíonn an Garda Síochána táille chomhairliúcháin an Dochtúra Teaghlaigh) - Rochtain ar an Scéim um Chúnamh Leighis - Rochtain ar chumainn agus ar chlubanna go leor de chuid an Gharda Síochána - Fáil ar Chomhair Chreidmheasa an Gharda Síochána.

Rathúlacht an fheachtais

Ó atosaíodh earcaíocht don Gharda Síochána, agus ó tháinig na chéad Oiliúnaithe Garda isteach i gColáiste an Gharda Síochána i mí na Nollag 2022;

- Tá breis is 2,700 Oiliúnaí Garda tar éis dul isteach i gColáiste an Gharda Síochána. - Tá breis agus 2,000 Garda Promhaidh tar éis fianú a dhéanamh don Gharda Síochána - Tá breis is 628 earcach Garda ag gabháil don chlár oiliúna i gColáiste an Gharda Síochána faoi láthair.

Tá ranganna earcach ag teacht isteach i gColáiste an Gharda Síochána gach 11-12 seachtaine anois.

Gardaí ag labhairt maidir leis an bhfáth ar tháinig siad isteach sa Gharda Síochána:

Garda Alan Cummins, Aonad Gadhar an Gharda Síochana

"Is láimhseálaí madraí mé atá freagrach as dhá mhadra oibre Garda. Is Alsáiseach é Thor agus is madra póilíneachta ilfheidhmeach é. Aimsíonn sé daoine agus déileálann sé le mí-ord poiblí.  Is spáinnéar preabach é Bouncer agus is mo mhadra cuardaigh drugaí, airgid agus airm tine é.

Tá naoi mbliana caite agam san aonad madraí agus roimhe sin bhí mé lonnaithe sa chathair, i Stáisiún Shráid Chaoimhín, agus i gCill Mhaighneann. Beidh 20 bliain seirbhíse agam i mbliana.”

"Chuaigh mé isteach sna Gardaí toisc go raibh gairm bheatha dúshlánach, spreagúil uaim, áit a bhfuil gach lá difriúil. Go dtí seo mar shlí bheatha, tá sé tar éis an méid sin a bhaint amach. D’fhéadfadh sé sin a bheith ag cabhrú le coirpeach foréigneach a ghabháil, duine leochaileach a aimsiú agus cabhair a fháil dóibh, nó cabhrú le drugaí agus airm tine contúirteacha a aimsiú agus a bhaint den tsráid.

Tugann an obair seo go léir an tuiscint dom go bhfuilim, mar chuid d’fhoireann i bhfad níos mó, ag cuidiú leis an áit a dhéanamh beagán níos sábháilte”

Garda Gerard O' Daly, hAonad Uisce an Gharda

"Chuaigh mé isteach sa Gharda Síochána i mí na Samhna 2002 agus táim ag obair le hAonad Uisce an Gharda le 18 mbliana anuas.

Is é ról Aonad Uisce an Gharda Síochána tacú le cuardaigh faoi uisce agus i spásanna teoranta, go minic i dtimpeallachtaí guaiseacha ar leibhéal náisiúnta, chomh maith le láithreacht phóilíneachta a sholáthar d'oibríochtaí slándála uisce agus patróil mhuirí.

Is tumadóir cáilithe Garda mé, Maoirseoir Tumadóireachta, Teicneoir Tarrthála Uisce Mear agus Tuilte, Liagóir Bád Innill Ardleibhéil agus táim cáilithe chun oibriú i spásanna teoranta.

Is maith liom an éagsúlacht a sholáthraíonn obair san aonad agus a bheith ag obair mar chuid d’fhoireann.”

Garda Lisa Halligan, Aonad Marcra Garda   "Mar chuid den fhoireann oiliúna atá ceangailte leis an Aonad Marcra Garda, oibrímid go dian chun a chinntiú go ndéantar ár gcapaill a traenáil, de réir an chaighdeáin is airde.

Iarrtar orthu oibriú i gcásanna an-tinneallacha agus ní mór dóibh a bheith réidh nuair a iarrtar orthu tacú lenár gcomhghleacaithe ar fud na tíre. Ba eachtra amháin den sórt sin an mí-ord poiblí i Citywest anuraidh. D'fhan na capaill socair agus rudaí á gcaitheamh ag agóideoirí, agus Gardaí á n-ionsaí.

Chuir siad láithreacht shuaimhneach ar fáil mar chuid den aonad ord poiblí ar feadh roinnt laethanta. Tá muinín láidir idir capall agus marcach. Táimid i gcónaí bródúil as an obair a dhéanann ár gcapaill agus an misneach a léiríonn siad."

Garda Gregory Freegrove, Póilíneacht Phobail

Ceapadh mé mar Oifigeach Idirchaidrimh Ógánaigh (OIO) i Stáisiún Gardaí Dhún Laoghaire in 2018, agus is ról an-sásúil agus tairbheach é, dar liom.

Is cuid taitneamhach de bheith i do OIO bualadh le daoine óga ó gach cearn den saol, agus tá go leor acu ag déileáil le fadhbanna agus saincheisteanna comhchosúla, agus oibriú leo agus lena dteaghlaigh chun a ndeacrachtaí a shárú, agus cabhrú leo a saol a chur ar an mbóthar ceart. Nuair a bhíonn rath air, bíonn sé thar a bheith fiúntach. Bím ar Crime Call go rialto freisin, rud a mheasaim nach athrú radhairc amháin atá ann, ach bealach freisin chun teagmháil a dhéanamh le daoine ó gach cearn den tír."

Bhleachtaire Garda Joanne Browne, Biuró Náisiúnta an Gharda Síochana um Dhrugaí agis Cóireacht Eagraithe

"Chuaigh mé isteach sa Gharda Síochána beagnach 16 bliana ó shin. Bhí suim agam i gcónaí mar gheall ar bhaill mo theaghlaigh a bheith san eagraíocht, agus shíl mé gur slí bheatha í d’oirfeadh dom mar thaitin sé liom a bheith ag obair agus ag cabhrú le daoine.

Tar éis dom gairmeacha eile a thriail agus taighde a dhéanamh ar an eagraíocht, rinne mé iarratas sa bhliain 2009 díreach roimh an gcúlú domhanda - d'éirigh liom, agus níor fhéach mé siar riamh."