Issue Date: 03/06/2025
Tá Gardaí i gCo. na Gaillimhe ag fiosrú na gcúinsí go léir a bhaineann le bás beirt i ndiadh tine marfach tí gar do Chasla, Co. na Gaillimhe, inniu, Dé Máirt, 3ú Meitheamh 2025.
Timpeall ar 6:20r.n., tuairiscíodh do na Gardaí agus na Seirbhísí Dóiteáin faoi thine tí i nGleann Mhac Muirinn. Thug na Seirbhísí Dóiteáin an tine faoi smacht agus fuarthas coirp mná ina 70idí agus fir ina 30idí taobh istigh den teach.
Tá an láthair anois caomhnaithe le haghaidh scrúdú teicniúil.
Iompraíodh an dá chorp chuig an Marbhlann in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe le haghaidh scrúdú iarbháis.
Breithneoidh torthaí na scrúduithe iarbháis, mar aon le torthaí an scrúdaithe theicniúil, cúrsa imscrúdaithe na nGardaí.
Tá an Cróinéir áitiúil curtha ar an eolas.
Tá Gardaí ag iarraidh ar fhinnéithe teacht chun tosaigh.
Iarrtar ar aon duine a bhfuil eolas acu teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Gardaí an Chlocháin ar 095 22500, Líne Rúnda an Gharda Síochána 1800 666 111 nó aon Stáisiún Gardaí.