Ó mhí na Samhna 2010, tá ceamaraí nua sábháilteachta soghluaiste an Gharda Síochána in úsáid ar bhóithre na hÉireann.
Ta tionchar mór ag sárú luasteorann iomarcach nó míchuí ar imbhuailtí tráchta ar bhóithre. Beidh ceamaraí sábháilteachta in úsáid ar na bóithre ar fud na hÉireann ina bhfuil imbhuailtí marfacha nó gortuithe ag tarlú de bharr luas míchuí. Úsáideann na Gardaí raon teicneolaíochta luasbhraite chun luas a laghdú ar bhóithre na hÉireann. Mar thoradh ar laghdú ar luas beidh laghdú ar líon na ngortuithe marfacha agus tromchúiseacha agus feabhsóidh sé sábháilteacht ar bhóithre do gach úsáideoir bóithre.
Impíonn an Garda Síochána ar gach úsáideoir bóthair, go háirithe tiománaithe, iad féin a chur ar an eolas maidir leis na codanna seo den ghréasán bóithre.
Táimid ag impí freisin ar thiománaithe thiomáint i gcónaí ar luas cuí, chun an dóchúlacht go mbeidh baint acu le imbhualadh marfach nó tromchúiseach a laghdú.