Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Buail le Cúltaca an Gharda Síochána

IMG_1012

Is Bainisteoir Seirbhísí Slándála san earnáil Oideachais é Michael Murray, Garda Cúltaca agus tá se lonnaithe faoi láthair i Stáisiún na nGardaí i gCroimlinn, Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath Theas.

I rith mo shaoil, bhíodh mé gníomhach i seirbhís do mo thír mar saorálaí san F.C.A agus i gCúltaca an Airm. D’oibrigh mé sna Póilíní Airm. Nuair a thosaigh Cúltaca an Gharda Síochána ag earcaíocht, ghlac mé ballraíocht ann leis an dara grúpa d’earcaigh agus tar éis dom dul faoi oiliúint faoi léachtóirí Gardaí den scoth, cuireadh go Croimlinn, ait a bhfuil seirbhís tugtha agam ar feadh níos mó ná deich mbliana. Oireann an clár ama go maith dom agus ní chuireann sé isteach ar uaireanta oibre nó ar mo theaghlach.

Agus mé rud beag níos sine, feictear dom go bhfuil an ghairmiúlacht, an spiorad foirne, an t-ionbhá agus an tiomantas don phobal ina chóras tacaíochta an-mhaith don chlár Cúltaca agus do na daoine óga, oilte atá ina nGardaí lánaimseartha agus iad ag baint céime amach sa Choláiste.

Luíonn sé le ciall go léiríonn ballraíocht fórsa póilíneachta an pobal ar a ndéanann siad freastal. Cé go mbíonn taithí saoil tábhachtach, bíonn gá le daoine de gach sórt a bheith ag obair le cháile, idir phóilíní agus sibhialtaigh, óg agus aosta ,chun a gcuid tuairimí a chur le chéile chun freastal i gceart ar an bpobal.

Dar le daoine áirithe, b’fhéidir nach bhfuil ról ró-thábhachtach agam sa Gharda Síochána ach caithim éide Chúltaca an Gharda le bród, agus ceapaim gur onóir é bheith in ann seirbhís a thabhairt mar pháirt d’fhoireann a thugann seirbhís atá tábhachtach, ionchuimsitheach, gairmiúil agus béasach, don phobal i gcoitinne.

Buail le ball eile de Chúltaca an Gharda Síochána