Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cosaint Sonraí sa Gharda Síochána

Cosaint Sonraí agus An Gharda Síochána

RAITEAS PRÍOBHÁIDEACHAIS

 

Baineann an Ráiteas Príobháideachais seo leis an dóigh a mbainfidh an Garda Síochána úsáid as an fhaisnéis a bhailímid uait le linn duit úsáid a bhaint as ár suíomh. Géillimid go hiomlán dod cheart don phríobháideacht agus ní bhaileoimid aon fhaisnéis phearsanta gan do chead soiléir.

Ní bhailíonn an Garda Síochána aon fhaisnéis phearsanta ar an suíomh seo nó ní stórálann siad do chuid sonraí. Caithfear le haon eolas pearsanta a sholáthraíonn tú dúinn tríd an suíomh de réir na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, go beacht de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.

Bailiú agus Úsáid Faisnéise Teicniúil

Nuair a bhíonn tú ag brabhsáil ar ár suíomh bailíonn na freastalaithe faisnéis maidir le do chuairt, mar shampla:

Na leathanaigh ar a dtug tú cuairt
Idirghníomhaíochta áirithe a bhí agat ar na leathanaigh sin
An méid uair a thug tú cuairt ar leathanach áirithe
An méid ama a chaith tú ar leathanaigh áirithe

 
Tú a aithint nuair a thagann tú ar ais chuig an suíomh
 

Sna cásanna uile, beidh na sonraí a bhailímid, gan ainm, agus ní bheidh ann ach taifead de na leathanaigh ar an suíomh ar a tugadh a lán cuairteanna agus atá ina ábhar suime ag ár gcustaiméirí, go ginearálta.

Ní bheidh an fhaisnéis theicniúil in úsáid ach ag an nGarda Síochána agus le haghaidh cuspóirí staitistiúla agus riaracháin, amháin.

Fianáin

Sa chuid seo, déantar cur síos ar conas a úsáidtear fianáin, an chúis atá leo agus conas a chuidíonn siad linn seirbhís níos fearr a chur ar fáil duit.

Úsáidtear Google Analytics ar an suíomh seo, seirbhís anailísíochta gréasáin arna soláthar ag Google, Inc. (“Google”). Baineann an tseirbhís seo úsáid as “fianáin”, ar comhaid téacs iad a chuirtear ar do ríomhaire, chun cuidiú leis an suíomh anailís a dhéanamh ar an dóigh a bhaineann cuairteoirí úsáid as an suíomh.

Déanfar an t-eolas a ghineann an fianán faoin gcaoi a n-úsáideann tú an suíomh (lena n-áirítear do sheoladh IP)

a tharchur chuig Google agus a stóráil ar Google ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Úsáidfidh Google an fhaisnéis seo chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann tú an suíomh gréasáin, chun tuarascálacha a thiomsú faoi ghníomhaíocht ar an suíomh le haghaidh oibreoirí suímh agus chun seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann le gníomhaíocht ar an suíomh agus le húsáid idirlín. Is féidir le Google an fhaisnéis seo a aistriú chuig tríú páirtithe i gcás go mbíonn ceangal dlí ann, nó i gcás go ndéanann na tríú páirtithe sin an fhaisnéis a phróiseáil ar son Google. Ní dhéanfaidh Google iarracht gaol a aithint idir do sheoladh IP agus sonraí eile atá i seilbh Google.

Is féidir leat diúltú d’úsáid fianán trí na socruithe iomchuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach ba chóir duit tabhairt faoi deara nach mbeidh tú in ann úsáid iomlán a bhaint as feidhmiúlacht an tsuímh. Má úsáideann tú an suíomh agus má cheadaíonn tú fianáin, toilíonn tú do Google sonraí fút a phróiseáil sa chaoi agus chun na gcríoch atá leagtha síos thuas.

Is féidir teacht ar tuilleadh sonraí faoi úsáid fianán ar Google Analytics ach cliceáil ar an nasc thíos:

http://www.google.com/analytics/learn/privacy.html

Tuilleadh eolais faoi Google Analytics Opt-out Browser Add-on

Naisc le Suíomhanna Eile

Tá naisc le gníomhaireachtaí eile ar an suíomh seo. Ba chóir duit tabhairt faoi deara : Má dhéanann tú suíomh eile a rochtain trí nasc a chuirimid ar fáil, bíonn tú faoi réir pholasaí príobháideachta an tsuímh sin. Cé go bhfuil naisc le suíomhanna eile ar an suíomh seo, ní hé sin le rá go bhfuil na suíomhanna sin faofa ag an nGarda Síochána. Níl an Garda Síochána freagrach as ábhar ar leathanach ar bith sna suíomhanna nasctha. Ní chuirimid naisc ar fáil, nó ní dhéanaimid seirbhísí tráchtála nach mbaineann le seirbhísí póilíneachta nó le seirbhísí pobail a chur chun cinn.

Sábháilteacht Sonraí: Ár gcur chuige

Tá an Garda Síochána tiomanta dá gcuid freagrachtaí maidir le sábháilteacht agus úsáideann siad na háiseanna fisiceacha agus teicniúla is oiriúnaí chun sábháilteacht do chuid sonraí a chinntiú, agus tá beartais i bhfeidhm a athbhreithnítear go rialta. 

Do Cheart Rochtana

De réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 1998/2003, tá sé de cheart ag gach duine rochtain a fháil ar fhaisnéis phearsanta atá i seilbh an Gharda Síochána faoi/fúithi, agus tá ceart aige/aici iarratas a dhéanamh chun an fhaisnéis a bheith ceartaithe nó scriosta.

Ba chóir do dhuine a bhíonn ag iarraidh rochtain  a fháil ar a fhaisnéis phearsanta, an fhoirm Iarratais Rochtana  um Shaoráil Faisnéise foirm F20 ( atá ar fáil ar leathanach gréasáin an Bhiúró Grinnfhiosrúchain de shuíomh gréasáin an Gharda Síochána)

a chomhlíonadh, lena n-áirítear iatáin iomchuí,  agus a chur chuig 

An tAonad Próiseála um Chosaint Sonraí, an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, Tithe an Rialtais, Lána Choc Fhiodh na gCaor, Teampall Seanáin. Inis Corthaidh, Co. Loch Garman.

Tá táille €6.35 ag baint leis. Ba chóir seic/dréacht bainc a dhéanamh iníoctha le “Cuntasóir, An Roinn Dlí agus Cirt”.

Eisítear nochtadh Saorála Faisnéise díreach chuig an iarratasóir féin amháin.

Ní féidir Nochtadh Saorála

Faisnéise a fhorléiriú mar Fhianaise ar Neamh-chiontú, Teastas Póilíneachta,

Teistiméireacht Garda nó Grinnfhiosrúchán Garda.

Sonraí Teagmhála:

An Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin,

Bóthar an Ráschúrsa,

Durlas,

Co. Thiobraid Árainn

E41 RD60

Ríomhphost: vetting@garda.ie

Uimh. Theil. Íosghlao 1890 488 488

Leasuithe

Coimeádann An Garda Síochána an ceart an ráiteas príobháideachais seo a leasú in am ar bith, agus ba chóir duit an ráiteas seo a sheiceáil go rialta ar eagla go ndéanfaí leasú air.