Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Earraí Nár Éilíodh

An Garda ag lorg úinéirí earraí nár éilíodh

Image of Bike

Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil na hearraí seo ar díol - táimid ag iarraidh maoin a thabhairt ar ais dá n-úinéirí.

Tá An Garda Síochána ag cur tús le scéim phíolótach a ligfidh do bhaill an phobail breathnú ar ghrianghraif maoine (caillte agus goidte) atá i seilbh an Gharda agus nár éiligh úinéirí na maoine fós í.

Mar chuid den seoladh tosaigh tá roinnt rudaí ó na suíomhanna Garda a leanas le feiceáil:

  • An Seanchill (a chuimsíonn Stáisiún na nGardaí Dhún Droma/na Carraige Duibhe/Chill na Gráinsí agus Chábán tSíle)
  •  Sráid an Stórais (a chuimsíonn Stáisiún na nGardaí Shráid Mhic Ghiobúin, Mhuinseo agus Bridewell)
  • Ath Luain
  • Tír an Iúir

Lean na naisc chun earraí nár éilíodh a fheiceáil:

Rothair i seilbh an Gharda Síochána

Earraí eile i seilbh an Gharda Síochána

Má fheiceann ball an phobail earra a chreideann gur leis/léi é, bá chóir dó/di dul i dteagmháil leis an stáisiún cuí (mar a léirítear leis an ngrianghraf) chun féachaint a eagrú.

Má bhíonn maoin caillte agat (nó má goideadh maoin uait) agus mura bhfuil se liostáilte sna grianghraif, le do thoil téigh i dteagmháil le do stáisiún áitiúil chun a fháil aach an bhfuil sí tugtha isteach dóibh.

Rudaí tábhachtacht le tabhairt faoi deara:

1) Déan tuairisc i gcónaí leis An Garda Síochána maidir le maoin ghoidte.

2) Breac síos sraithuimhir do rothair, agus coinnigh in áit so-fhaighte í.

Tá sonraí teagmhála do gach stáisiún na nGardaí ar fáil ag www.garda.ie