Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ceann Gnóthaí Dlí

Kenneth

Teideal: Ceann Gnóthaí Dlí

Ainm: Kenneth Ruane

Áit dúchais: Gaillimh

Ceaptha:11/12/2011

Ina bhall ó:11/12/2011

Buaicphointí Gairme:

Ceapadh Kenneth, i ndiaidh dó cáilíocht a bhaint amach mar aturnae i 1998, le post Cheann Gnóthaí Dlí ag an nGarda Síochána an 11 Nollaig 2011. Is é an príomhról atá aige ná chun comhairle a chur ar Choimisinéir an Gharda Síochána agus ar bhainistíocht an Gharda Síochána ar réimse saincheisteanna, dlíthíocht shibhialta, dlí corparáideach, fostaíochta agus Eorpach agus um chearta daonna ina measc.

Aturnae a bhíodh i Kenneth roimhe seo in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit ó 1999 go dtí 2011 agus ba chomhalta é de Choiste Dlíthíochta Dhlí-Chumann na hÉireann ó 2007 go 2012. In Aibreán 2012, d’fhreastail Kenneth ar Chlár Ceannaireachta trí seachtaine in Washington, SAM, ar iarraidh Roinn Stáit SAM.

Tugann ochtar comhaltaí dhéag, ar an iomlán, a oibríonn le hoifig an Chinn Ghnóthaí Dlí cabhair do Kenneth agus déanann sé tuairisciú go díreach don Leas-Choimisinéir, Rialachas agus Straitéis.

Cáilíochtaí:

BA Onóracha (Dlí agus Eacnamaíocht) OÉ, Gaillimh 1993, LLB (Onóracha) OÉ, Gaillimh 1995, Aturnae Cáilithe, Dlí-Chumann na hÉireann 1998.