Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Oifig um Chlár Scoileanna an Gharda Síochána

Tá oifig Chlár Scoileanna an Gharda Síochána freagrach as forbairt an Chláir, agus as a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm go náisiúnta é.

Is tionscnamh faoi stiúir na Roinne Oideachais agus Scileanna é Clár Scoileanna an Gharda Síochána a cuireadh ar bun i 1991, á sheachadadh ag Gardaí atá oilte i gClár Scoileanna an Gharda Síochána ar fud na tíre.

Is ionad fíor-áisiúil iad na scoileanna, idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna chun obair a dhéanamh le leanaí, chun labhairt le daoine óga faoin raon ábhar ina múintear patrúin iompair chiallmhara agus fhreagracha do leanaí.

Bíonn sé de chúram ar Ghardaí atá oilte go speisialta i ngach Rannán de chuid na nGardaí an Clár a chur i bhfeidhm.

Teachtaireacht an Chláir.

Tá na príomhtheachtaireachtaí seo a leanas ag Clár Scoileanna an Gharda Síochána sa bhunscoil agus sa mheánscoil do leanaí:

  • A bheith níos sábháilte ar na bóithre agus sa bhaile;
  • Rannchuidiú go dearfach i dtreo Cosc na Coireachta;
  • Fios a bheith agat cad é ról na nGardaí;
  • Meonta dearfacha a fhorbairt i dtreo na nGardaí agus an obair a dhéanann siad.
  • Cumarsáid shábháilte agus ómósach ar líne.

Tugann ábhar an Chláir ceachtanna ar na topaicí seo a leanas:

  • An Garda Síochána - Ról, Éide agus Trealamh.
  • Loitiméireacht.
  • Sábháilteacht Phearsanta.
  • Sábháilteacht ar Bhóithre.
  • Sábháilteacht ar Rothair.
  • Cumarsáid ómósach ar líne (Bunscoil).
  • Nasc le hÓmós (Connect with Respect) (Meánscoil).

Tá tuilleadh eolais ar fáil trí:

Clár Scoileanna an Gharda Síochána
Biúró an Gharda Síochána um Rannpháirtíocht sa Phobal
Cearnóg Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 DH42

Teil: +353 1 6663891

Ríomhphost: schoolsprogramme@garda.ie 

Nó téigh i dteagmháil le do Stáisiún Gardaí áitiúil